Saint Patrick’s Day message from President of Ireland, Mary McAleese


Beannachtaí na Féile Pádraig ar chlann mhór dhomhanda na nGael, sa bhaile agus ar fud na cruinne, ar ár lá náisiúnta ceiliúrtha féin.

Warmest greetings to everyone who is celebrating Saint Patrick’s Day 2010, wherever you are in the world. On this day we set aside our problems and remember the joy in life that comes from good company and the celebration of a great culture. Saint Patrick’s Day is a time for fun and laughter, for showcasing the best of the Irish and for demonstrating our pride in homeland and heritage. Saint Patrick’s own life story is worth remembering during these tough times for he himself faced and overcame great personal hardship that tested him to the limits. The family of the Gael gathers in his name in Ireland and in many diverse parts of the world. We are lucky to have such a large global family. It has proved itself to be a very precious and important resource in every generation. In recent years it has been an indispensable enabler of the Peace Process which is consolidating and strengthening little by little. Northern Ireland is enjoying the longest continuous period of devolved power-sharing since the Good Friday Agreement of 1998. The recent Hillsborough Agreement was another significant step in the completion of devolution and represents an important milestone on the path to long-term stability and normalisation. It took considerable generosity of spirit on all sides to secure this historic peace and we can look forward to the many benefits of a rapidly growing culture of good neighbourliness instead of wasteful division.

The commitment of our global Irish family is now being harnessed as never before with initiatives like the Farmleigh Conference and the new Global Irish Network, all intent on putting their talents and ideas at the service of Ireland’s economic recovery. Thanks to our global family the link with Ireland has been kept alive over generations and our culture introduced to countless millions throughout the world. Saint Patrick’s Day is marked and relished in a myriad of places in a celebration that is both local and global and that is quintessentially Irish yet warmly welcoming of friends from other cultures and traditions. So whether you are parading down the street of a small rural Irish village or one of the largest cities in the world, Saint Patrick’s Day parade is a shared celebration with the same deep pride and love of life and of community at its heart.

To every Irish person and to every friend of Ireland, I wish you a happy and enjoyable Saint Patrick’s Day 2010.

MARY McALEESE
President of Ireland
 

Teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig ó Uachtarán na hEireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa



Beannachtaí na Féile Pádraig ar chlann mhór dhomhanda na nGael, sa bhaile agus ar fud na cruinne, ar ár lá náisiúnta ceiliúrtha féin.

Beannachtaí ó chroí don uile dhuine a cheiliúrann Lá Fhéile Pádraig is cuma cá háit a bhfuil tú ar domhan. Ar an lá seo cuirimid ár ndeacrachtaí i leataobh agus tugaimid chun cuimhne an t-aoibhneas sa saol a eascraíonn as dea-chomhluadar agus ceiliúradh ar chultúr den scoth. Tráth é Lá Fhéile Pádraig don spraoi agus don gháire, le sárthaispeántas a dhéanamh ar an gcuid is fearr den Éireannachas agus le léargas a thabhairt ar ár mórtas as ár dtír dúchais agus as ár n-oidhreacht.  Is fiú beatha Phádraig Naofa féin a thabhairt chun cuimhne sa tráth achrannach seo ó b'éigean dó fein aghaidh a thabhairt ar chruatan mór pearsanta agus é a shárú, cruatan a chráigh é thar fhulaingt.  Bailíonn na Gaeil le chéile ina ainm in Éirinn agus in an-chuid áiteanna éagsúla ar domhan. Tá an t-ádh linn clann  mhór dhomhanda mar í a bheith againn.  Chruthaigh sí go maith mar acmhainn thar a bheith luachmhar agus tábhachtach i ngach glúin.  Le blianta beaga anuas bhí sí ina héascaitheoir fíór-riachtanach ar an bPróiseas Síochána atá á dhaingniú agus ag dul ó neart go neart diaidh ar ndiaidh.  Is é seo an tréimhse leanúnach is faide de chomhroinnt cumhachta déabhlóidithe i dTuaisceart Éireann ó Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998.  Céim shuntasach eile i gcomhlánú na déabhlóide a bhí i gComhaontú na Cromghlinne le déanaí agus ba gharsprioc tábhachtach é ar an mbealach i dtreo socrachta agus normálaithe fadtéarma.  Léiríodh méid fiúntach de mhóraigeantacht spride ar gach taobh agus an tsíocháin stairiúil seo á baint amach. Agus is féidir linn a bheith ag súil le han-chuid tairbhí ag éirí as cultúr dea-chomharsanachta a bheith ag teacht chun cinn in áit an easaontais dhiomaltaigh.

Táthar ag baint leas as tiomantas mhuintir na nhÉireann ar fud an domhain níos mó ná riamh le tionscnaimh mar Chomhthionól Farmleigh agus an Líonra Domhanda Éireannach, iad uile dírithe ar a gcuid buanna agus smaointe a chur ar fáil ar mhaithe le biseach ar gheilleagar na hÉireann.  A bhuí lenár muintir ar fud na cruinne, tá an nasc le hÉirinn coinnithe beo leis na glúnta agus tá na milliúin gan áireamh ar fud an domhain tar éis eolas a chur ar ár gcultúr.  Déantar ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig agus baintear taitneamh as in iliomad áiteanna, ceiliúradh idir áitiúil agus dhomhanda agus atá de dhlúth agus d'inneach an Éireannachais ach a chuireann fáilte mhór roimh chairde ó chultúir agus traidisiúin eile. Mar sin is cuma má bhíonn tú ar mhórshiúil sráide i sráidbhaile tuaithe beag in Éirinn nó i gceann de na cathracha is mó ar domhan, is comhcheiliúradh é paráid Lá Fhéile Pádraig arb é an mórtas diongbháilte agus an grá céanna don bheatha agus don phobal atá ina chroílár..    

Guím Lá Fhéile Pádraig sona agus taitneamhach i 2010 ar gach uile Éireannach agus ar gach cara le hÉirinn.

MARY McALEESE
Uachtarán na hEireann


MARCH, 2010

 
 
 
 
 
 © IrishAbroad.com 2009